Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 7:5

An Bíobla Naofa 1981

Agus rinne Naoi ar ordaigh an Tiarna dó.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Rinne Naoi é sin, rinne sé ar ordaigh an Tiarna dó.

Chuaigh isteach, más ea, fireannach agus baineannach den uile chineál is feoil, mar a d'ordaigh Dia dó. Agus dhún an Tiarna an doras ar Naoi.

Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh mé do d'aitheanta uile.

Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.

Rinne Maois amhlaidh; rinne sé sa tslánchruinne mar a d'ordaigh an Tiarna dó.

Rinne Maois agus Árón amhlaidh; rinneadar gach a ndúirt an Tiarna leo.

Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Lig dó anois: is mar seo is cuí dúinn an fhíréantacht a chur i gcrích go hiomlán.” Lig sé dó ansin.

D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”

Má tá a fhíos agaibh na nithe sín, is méanar daoibh má dhéanann sibh iad.

Dúirt a mháthair leis an lucht freastail: “Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh.”

Agus ar theacht ann dó i gcló daonna, d'ísligh sé é féin agus bhí umhal go bás - go bás na croise féin.

Ach bíodh gurb é Mac Dé é, d'fhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a d'fhulaing sé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí