Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 7:4

An Bíobla Naofa 1981

Óir faoi chionn seacht lá seolfaidh mé uiscí ar talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche; agus scriosfaidh mé gach dúil bheo dá ndearna de chlár na talún.”

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

ní raibh aon fhás fiáin fós ar talamh, ná aon lus fiáin fós ag péacadh, mar níor chuir an Tiarna Dia aon fhearthainn fós ar an talamh agus ní raibh duine ann a shaothródh an talamh.

Dúirt Dia le Naoi: “Chinn mé deireadh a chur leis an uile fheoil, óir tá an talamh lán d'fhoréigean dá mbarr. Féach, scriosfaidh mé iad agus an talamh mar aon leo.

Féach, tabharfaidh mé díle liom agus seolfaidh mé na huiscí ar an talamh chun an uile fheoil faoin spéir ina bhfuil anáil na beatha a scrios; caillfear a bhfuil ar talamh.

Dúirt an Tiarna: “Ní foláir gan mo spiorad a fhágáil faoi tháire i gcónaí sa duine, mar nach bhfuil ann ach feoil; ní bheidh ach céad agus a fiche bliain d'fhad saoil aige feasta.”

Agus dúirt an Tiarna: “Scriosfaidh mé de dhroim na talún an duine a chruthaigh mé, agus mar aon leis an duine na hainmhithe, na péisteanna agus éanlaith an aeir, óir is aithreach liom a ndéanamh.”

Agus tar éis seacht lá tháinig uiscí na díleann ar an talamh.

Bhí sé ag fearthainn ar an talamh ar feadh daichead lá agus daichead oíche.

Mhair an díle daichead lá ar an talamh. Mhéadaigh ar na huiscí agus d'ardaíodar an áirc agus tógadh suas os cionn na talún í.

agus d'éanlaith an aeir chomh maith seacht gcúpla, an fireann agus an baineann, de gach cineál, d'fhonn a gcineál a choimeád beo ar chlár na talún.

Tar éis moill seacht lá eile ansin, scaoil sé an colm amach as an áirc arís.

D'fhan sé seacht lá eile, mar sin, agus scaoil an colm uaidh arís; agus níor fhill sé air a thuilleadh.

Dúnadh toibreacha an duibheagáin agus comhlaí uisce neimhe: coisceadh an fhearthainn ó neamh.

Sciobadh iadsan ar shiúl in antráth, Agus scaoileadh abhainn thar a láithreacha boinn.

Nuair a thug sé a meáchan don ghaoth, Agus a thomhais sé toirt na n‑uiscí,

Cuir urchóid i gcionn a n‑urchóide, agus nár thaga siad choíche chun d'fhíréantachta.

Ar an ábhar sin - seo mar a deir an Tiarna: ‘Tá fúm thusa a theilgean d'aghaidh na talún: éagfaidh tú i mbliana, [de bhrí gur sheanmóir tú easumhlaíocht in aghaidh an Tiarna].’ ”

Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.

An té a bheireann bua beidh sé gléasta mar sin in éidí geala, agus ní scriosfaidh mé a ainm as leabhar na beatha, agus admhóidh mé a ainm os comhair m'athar agus os comhair a aingeal.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí