Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 7:1

An Bíobla Naofa 1981

Ansin dúirt an Tiarna le Naoi: “Gabh isteach san áirc, tusa agus do theaghlach go léir, óir is tú amháin den ghlúin seo, i mo bhreithse, a fheicim atá fíréanta.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Ach daingneoidh mé mo chonradh leatsa. Téighse isteach san áirc, tú féin, do chlann mhac, do bhean, agus mná do mhac in éineacht leat.

Dála Naoi anseo: Fear fíréanta a ba ea Naoi, fear gan locht i measc lucht a linne, agus shiúil sé fara Dia.

An lá sin féin is ea a chuaigh Naoi isteach san áirc lena mhic Séam, Hám agus Iáfat, agus triúr ban a mhac,

Chuaigh Naoi agus a chlann mhac agus a bhean agus mná a mhac in éineacht leis isteach san áirc ag teitheadh ó uiscí na díleann.

Táim gan choir ina fhianaise agus sheachain mé an peaca.

An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.

Ábhar teann muiníne ag duine is ea eagla an Tiarna; beidh sé mar thearmann ag a chlann.

Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.

dá mbeadh fiú an triúr seo ann, Naoi, Dainéil agus Iób, ní thabharfaidís slán de bharr a bhfíréantachta ach a mbeatha féin amháin - an Tiarna Dia a labhraíonn.

Lorgaigí an Tiarna, sibhse uile, a dhaoine uirísle na tíre, a chomhlíonann a reacht. Lorgaigí an fhíréantacht, lorgaigí an uirísle; b'fhéidir go bhfaigheadh sibh dídean ar lá dhíbheirg an Tiarna.

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

Agus amhail mar a bhí i laethanta Naoi, is amhlaidh sin freisin a bheidh i laethanta Mhac an Duine;

mar is daoibhse agus do bhur gclann atá an gealltanas úd agus dóibh siúd freisin atá i bhfad ar shiúl - don uile dhuine dá nglaofaidh ár nDia chuige.”

Trí chreideamh fuair Naoi eolas ó Dhia ar nithe nach raibh le feiceáil go fóill. Ghabh eagla é agus rinne sé an áirc chun a theaghlach a shábháil. Dá bharr sin thug sé daorbhreith ar an saol agus fuair sé ó Dhia an fhíréantacht sin atá bunaithe ar an gcreideamh.

iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc á tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, ochtar ar fad is é sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí