Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 6:15

An Bíobla Naofa 1981

Seo é an tomhas ar a ndéanfaidh tú í: Fad na háirce trí chéad banlámh; a leithead caoga banlámh, agus a hairde deich mbanlámh fichead.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Déan áirc duit féin de chrann gófar; déan seomraí inti agus cuir brat pice uirthi laistigh agus lasmuigh.

Déan díon don áirc agus é banlámh ina stuaic. Cuir doras na háirce ina taobh; déan trí boird inti: bord íochtair, bord láir agus bord uachtair.

D'éirigh an t‑uisce cúig bhanlámh déag suas thar na sléibhte a d'fholaigh sé.

(Bá é Óg rí Bháiseán an duine deireanach d'fhuíoll na Rafáím; ba leaba iarainn a leaba, agus nach í atá le feiceáil i Raba na nAmónach? - í naoi mbanlámh ar fad agus ceithre bhanlámh ar leithead, de réir bhanlámh fir.)




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí