Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 5:4

An Bíobla Naofa 1981

Mhair Ádhamh ocht gcéad bliain tar éis Séat a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.”

Nuair a bhí Arpaicsead cúig bliana déag ar fhichid ghin sé Seálach.

agus mhair sé ocht gcéad agus cúig bliana déag tar éis Céanán a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

Mhair Céanán ocht gcéad agus a daichead bliain tar éis Mahalalael a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

agus mhair sé ocht gcéad bliain tar éis Eineoc a ghiniúint, agus ghin sé mic agus iníonacha.

Bhí Eineoc ag siúl fara Dia. Mhair sé trí chéad bliain tar éis Matúsalach a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

Mhair Matúsalach seacht gcéad agus a hochtó dó bliain tar éis Láimic a shaolú, agus ghin sé mic agus iníonacha.

Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d'aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air.

Mhair Láimic cúig céad agus a nócha cúig bliain tar éis Naoi a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

Mhair Ádhamh naoi gcéad agus a tríocha bliain ar fad; ansin fuair sé bas.

agus mhair sé ocht gcéad agus a seacht mbliana tar éis Eanóis a shaolú agus ghin sé mic agus iníonacha.

Bheannaigh an Tiarna Naoi agus a chlann mhac agus dúirt sé leo: “Bíodh an rath oraibh, téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh.

Ach sibhse, bígí torthach agus téigí i líonmhaire; bíodh an rath go raidhseach oraibh ar an talamh agus bíodh smacht agaibh air.”

Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

Gura cosúil ár gclann mhac le húrchrainn, agus iad ag fás ina n‑óige; gura cosúil ar n‑iníonacha le colúin chúinne, arna snoí mar cholúin an teampaill.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí