Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 48:7

An Bíobla Naofa 1981

Ar m'aistear dom ó Phadan Arám bhí sé de dhólás agam go bhfuair Ráchael bás i dtír Chanán, agus sinn tamall fós ó Eafrát. Rinne mé í a adhlacadh ansiúd ar an mbóthar go hEafrát, i mBeithil.”

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Bhí Íosác daichead bliain nuair a phós sé Ribeacá, iníon Bhatúél an t‑Arámach as Padan Arám, agus deirfiúr Lábán an tArámach.

Tháinig Iacób slán folláin go cathair Sheicim i dtír Chanán ar theacht dó as Padan Arám, agus shuigh sé a champa os comhair na cathrach.

Agus thóg Iacób lia os a leacht, agus sin é lia leacht Ráchael atá ann fós inniu.

Thaispeáin Dia é féin arís eile do Iacób tar éis dó filleadh ó Phadan Arám agus bheannaigh sé é.

Ach cibé clann a ghinfear uait ina ndiaidh, is leat féin iad; agus beidh ainmneacha a ndeartháireacha orthu sa mhéid a bhaineann le hoidhreacht.

Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.

“Chualathas glór i Rámá caoi agus iomad olagóin: Rachael ag caoineadh a clainne, agus nárbh áil léi sólás a ghlacadh mar nach bhfuil siad ann níos mó.”

Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.

Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.

Nuair a imeoidh tú uaimse inniu, buailfidh tú le beirt fhear ag tuama Ráchael ar imeall Bhiniáimin i Zealzach, agus déarfaidh siad leat: ‘Na hasail a bhí á lorg agat, fuarthas iad; is cuma le d'athair anois faoi na hasail, ach tá imní air fúibhse, á rá leis féin: “Céard atá le déanamh agam faoi mo mhac?’ ”

Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”

Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí