Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 48:2

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a dúradh le Iacób: “Féach, tá do mhac Iósaef tagtha chugat,” chruinnigh Iosrael a neart agus d'éirigh aniar sa leaba.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Dúradh le Iósaef tamall ina dhiaidh seo: “Bhuail taom tinnis d'athair.” Thug sé leis a bheirt mhac Manaise agus Eafráim.

Agus dúirt Iacób le Iósaef: “Thaispeáin Dia Uilechumhachtach é féin dom i Lúz i dtír Chanán agus chuir a bheannacht orm

Agus d'inis mé dóibh conas mar a bhí lámh chineálta Dé mar thaca liom chun na maitheasa, agus d'aithris mé dóibh a ndúirt an rí liom. “I mbun oibre linn!” ar siad, “agus ar aghaidh leis an tógáil!” agus chrom siad ar an obair fhónta le fonn.

Coimeádfaidh sé beo é, tabharfaidh sé séan dó ar talamh agus ní thabharfaidh sé suas é do thoil a eascairde.

A mhic, má tá do chroí-se ciallmhar, ansin beidh lúcháir ar mo chroí féin;

Mar bhuille scoir, téigí i neart sa Tiarna le fuinneamh a chumhachta.

Tabhair do threoracha do Iósua; tabhair misneach agus fuinneamh dó; óir eisean is ea a rachaidh sall ar cheann a phobail agus is é a thabharfaidh seilbh dóibh ar an tír ar a bhfaighidh tú radharc.’

Chuir Iónátán mac Shóil chun bóthair agus tháinig go dtí Dáiví i Hoiris agus thug misneach dó in ainm Dé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí