Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 48:13

An Bíobla Naofa 1981

Agus rug Iósaef orthu araon, ar Eafráim ina láimh dheas i dtreo go raibh sé ar chlé Iosrael, agus ar Mhanaise ina láimh chlé i dtreo go raibh sé ar dheis Iosrael; agus thug sé in aice leis iad.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Thug Iósaef Manaise ar a chéadghin; “mar,” ar sé, “thug Dia orm dearmad a dhéanamh ar mo chruatan go léir agus ar theaghlach m'athar.”

Agus rugadh do Iósaef san Éigipt ó Ásanat iníon Phóitífeara sagart On: Manaise agus Eafráim.

Ansin thóg Iósaef an bheirt mhac óna ghlúine chuige féin, agus shléacht sé go talamh.

Shín Iosrael a lámh dheas uaidh amach agus leag í ar cheann an té a ba óige, Eafráim; agus a lámh chlé ar cheann Mhanaise, agus a lámha á gcur thar a chéile aige - ba é Manaise an té ba shine.

Clann Iósaef de réir sleachta: Manaise agus Eafráim.

Cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis agus na gabhair ar a láimh chlé.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí