D'fhéach sé suas agus b'shiúd triúr fear ina seasamh ina chóngar. Chomh luath agus a chonaic sé iad, rith sé ó bhéal na botha ina gcoinne agus shléacht go talamh rompu.
Shroich an dá aingeal Sodom an tráthnóna sin, agus bhí Lót ina shuí ag geata Shodom. Nuair a chonaic Lót iad, d'éirigh sé chun bualadh leo agus shléacht go talamh rompu.
Ba é Iósaef a bhí i gceannas ar an tír agus is é a bhí ag díol le gach a dtáinig. Agus tháinig deartháireacha Iósaef agus shléachtadar síos go talamh dó.
Agus rug Iósaef orthu araon, ar Eafráim ina láimh dheas i dtreo go raibh sé ar chlé Iosrael, agus ar Mhanaise ina láimh chlé i dtreo go raibh sé ar dheis Iosrael; agus thug sé in aice leis iad.
Chuaigh Baitseaba go Solamh rí le labhairt leis ar son Adoiníá. D'éirigh an rí roimpi ag teacht di agus chrom in ómós di; shuigh sé ansin ina ríchathaoir agus tugadh cathaoir isteach do mháthair an rí, agus shuigh sí ar a dheis.