Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 47:4

An Bíobla Naofa 1981

Leanadar ar aghaidh agus dúradar le Forann: “Thángamar chun cur fúinn tamall sa tír seo, mar níl aon fhéarach do thréada do shearbhóntaí mar tá an gorta go dian i dtír Chanán; agus anois impímid ort, lig do do shearbhóntaí fanacht tamall i dtír Ghoisin.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tharla gorta sa tír, agus chuaigh Abrám ó dheas go dtí an Éigipt chun cónaí ann mar go raibh an gorta ag luí go trom ar an tír.

Ansin dúirt an Tiarna le hAbrám: “Bíodh a fhios seo agat go dearfa: beidh do shíol ina ndeoraithe i dtír nach leo, mar a mbeidh siad ina ndaoir agus mar a mbeidh siad faoi leatrom ar feadh ceithre chéad bliain.

Luigh an gorta an-dian ar an tír.

Beidh cónaí ort i ndúiche Ghoisin, agus beidh tú i mo chóngar - tú féin agus do chlann agus clann do chlainne, do tháinte agus do thréada agus do mhaoin go léir;

‘Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n‑óige go dtí anois féin, sinne agus ár n‑aithreacha.’ Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,” mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire.

Ansin dúirt Forann le Iósaef: “Tá d'athair agus do dheartháireacha tagtha chugat.

Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin; agus bhain Iacób faoi i dtír Hám.

Sea, seo mar a deir an Tiarna: Chuaigh mo mhuintir síos chun na hÉigipte anallód agus d'fhan ansin; ina dhiaidh sin d'imir an Asaír ansmacht agus foréigean orthu.

Ansin tháinig gorta ar fud na hÉigipte agus ar fud Chanán. Lean cruatan mór é agus gan aon lón bia le fáil ag ár n‑aithreacha.

Seo mar a labhair Dia: ‘Beidh do shliocht ar deoraíocht i dtír iasachta, agus cuirfear faoi dhaorsmacht agus faoi leatrom iad go ceann ceithre chéad bliain;

Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí