Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 47:25

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagraíodar: “Shábháil tú ár n‑anam; beimid inár ndaoir ag Forann, le do thoil, a thiarna.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

“A thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil.

D'fhill na teachtairí ar Iacób á rá: “Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.”

Ansin dúirt Éasau: “Lig dom cuid den mhuintir atá i mo theannta a fhágáil farat.” D'fhreagair seisean: “Cén gá atá leis sin? Níl uaim ach do dhea-mhéin a thuilleamh, a mháistir.”

Agus thug Forann Zafanat Panaech mar ainm ar Iósaef, agus thug sé Ásanat, iníon Phóitífeara sagart On, mar bhean dó. Ghabh Iósaef amach ar fud críocha uile na hÉigipte.

Ach nuair a thiocfaidh an fómhar tabharfaidh sibh an cúigiú cuid d'Fhorann agus coimeádfaidh sibh na ceithre coda eile mar shíol do bhur n‑ithir, mar bhia daoibh féin agus do bhur dteaghlaigh, agus mar chothú do bhur miondaoine.”

Rinne Iósaef reacht faoi thalamh na hÉigipte agus tá sé i bhfeidhm fós sa lá atá inniu ann: an cúigiú a bheith ag Forann. Talamh na sagart amháin nár tháinig i seilbh Fhorainn.

Maidir libhse, bheartaigh sibh olc i m'aghaidh ach dheonaigh Dia é a chur chun tairbhe i dtreo go gcuirfeadh sé fuascailt a lán i gcrích, faoi mar atá déanta aige anois.

Agus an uile dhúil bheo agus an uile fheoil, tabhair leat cúpla de gach cineál díobh isteach san áirc le coimeád beo farat; fireann agus baineann ní foláir iad a bheith.

Ansin dúirt sí: “Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí