Ansin dúirt Iósaef leis an bpobal: “Tá sibh féin agus bhur dtailte, mar a fheiceann sibh, ceannaithe anois agam d'Fhorann. Seo daoibh síol dá bhrí sin le cur sa talamh.
Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.
Talamh na sagart amháin a d'fhág sé gan ceannach, mar d'fhaigheadh na sagairt liúntas ar leith ó Fhorann agus mhaireadar ar an liúntas a thug Forann dóibh; níor dhíoladar a dtailte dá bhrí sin.
Ach nuair a thiocfaidh an fómhar tabharfaidh sibh an cúigiú cuid d'Fhorann agus coimeádfaidh sibh na ceithre coda eile mar shíol do bhur n‑ithir, mar bhia daoibh féin agus do bhur dteaghlaigh, agus mar chothú do bhur miondaoine.”
Dá bhrí sin cuir an síol ar maidin agus um thráthnóna ná bíodh do lámh díomhaoin; mar níl a fhios agat cé acu den dá shíolchur a thabharfaidh toradh uaidh nó an mbeidh an rath céanna orthu araon.
Óir mar a thagann báisteach agus sneachta anuas ó na spéartha agus nach bhfilleann suas ar ais gan an talamh a fhliuchadh, gan fás agus eascar a chur ann, chun go dtuga sé síol don síoladóir agus arán le hithe,
An té úd a sholáthraíonn síol don síoladóir agus a thugann arán le hithe, soláthróidh sé an síol daoibhse chomh maith; méadóidh sé an síol agus iomadóidh sé torthaí bhur bhfíréantachta.