D'imigh Iósaef ansin agus dúirt le Forann: “Tá m'athair agus mo dheartháireacha tagtha ó thír Chanán lena dtréada agus lena dtáinte agus lena maoin go léir; tá siad anois i ndúiche Ghoisin.”
Beidh cónaí ort i ndúiche Ghoisin, agus beidh tú i mo chóngar - tú féin agus do chlann agus clann do chlainne, do tháinte agus do thréada agus do mhaoin go léir;
Bhain an scéal nua go raibh deartháireacha Iósaef tagtha pálás Fhorainn amach, agus b'áthas le Forann é a chlos, agus ba é an dála céanna é ag a theaghlach.
Labhair Iósaef ansin lena dheartháireacha agus le muintir a athar: “Rachaidh mé suas go Forann,” ar sé, “agus tabharfaidh mé an scéal nua dó. Déarfaidh mé leis: ‘Mo dheartháireacha agus muintir m'athar a bhí i dtír Chanán, tá siad tagtha chugam.
‘Aoirí tréad sinne, do shearbhóntaí, onár n‑óige go dtí anois féin, sinne agus ár n‑aithreacha.’ Ar an gcuma seo ceadófar daoibh fanacht i dtír Ghoisin,” mar tá an ghráin dearg ag na hÉigiptigh ar gach aoire.
Ach an lá sin, ní thabharfaidh mé an cor céanna ar thír Ghoisin, mar a bhfuil cónaí ar mo phobal; ní bheidh aon mhíoltóga ann, i dtreo go mbeidh fhios agat go bhfuilimse, an Tiarna, i lár na talún.