Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 45:6

An Bíobla Naofa 1981

Óir tá an gorta sa tír le dhá bhliain agus tá cúig bliana eile le teacht nach gcuirfear síol agus nach mbainfear fómhar.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Seo scéal Iósaef. Bhí Iósaef seacht mbliana déag d'aois. Mar go raibh sé óg fós, bhí sé ag aoireacht an tréada i dteannta a dheartháireacha, le clann mhac Bhileá agus Zilpeá, mná a athar. Thug Iósaef drochthuairisc orthu dá n‑athair.

Déanaidís bia go léir na mblianta maithe le teacht a chruinniú agus an t‑arbhar a chur i dtaisce in ainm Fhorainn mar bhia sna cathracha, agus coinnídís é.

Deich mbliana fichead a bhí Iósaef nuair a tháinig sé i láthair Fhorainn rí na hÉigipte. Agus chuaigh Iósaef amach ó láthair Fhorainn agus ghabh ar fud críocha uile na hÉigipte.

Na seacht mbliana flúirse a bhí i dtír na Éigipte, thángadar chun críche,

agus thosaigh na seacht mbliana gorta ar theacht mar a bhí ráite ag Iósaef. Bhí gorta i ngach tír ach bhí arán ar fáil ar fud thír na Éigipte go léir.

Nuair a leath an gorta ar fud na tíre go léir, d'oscail Iósaef na taiscí go léir, agus dhíol an t‑arbhar leis na hÉigiptigh mar go raibh an gorta dian i dtír na Éigipte.

Nuair a bhí an bhliain sin thart, thángadar chuige arís an bhliain dar gcionn agus dúradar leis: “Ní cheilfimid ort é, a rí; tá ar gcuid airgid go léir caite; is lenár dtiarna an airnéis go léir; níl fagtha i láthair ár dtiarna ach ár gcorp agus ár dtailte.

Ansin dúirt Iósaef leis an bpobal: “Tá sibh féin agus bhur dtailte, mar a fheiceann sibh, ceannaithe anois agam d'Fhorann. Seo daoibh síol dá bhrí sin le cur sa talamh.

“Ar feadh sé lá déanfaidh tú saothar, ach ar an seachtú lá scoirfidh tú ó obair; fiú i séasúr an treafa agus an fhómhair déanfaidh tú sin.

Na daimh agus na hasail a threabhann an talamh, beidh coirce blasta le hithe acu, a ndearnadh cáitheadh air le sluasaid agus le cáiteog.

Beireadh seanóirí na cathrach an bhodóg leo chun bruacha srutháin nach dtéann i ndísc, i mball nár treabhadh agus nár síolchuireadh riamh, agus ansiúd sa ghleann brisidís muineál na bodóige.

Ceapfaidh sé taoisigh míle, agus taoisigh leathchéad, agus cuirfidh sé cuid díobh a threabhadh a chuid gort agus a bhaint a fhómhair, a dhéanamh a threalamh cogaidh agus trealamh a charbad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí