Ansin leag gach duine a mhála ar an talamh gan mhoill agus d'oscail gach duine a cheann féin.
Nuair a d'oscail duine díobh a mhála chun bia a thabhairt dá asal mar a rabhadar chun fanacht thar oíche, chonaic sé a chuid airgid i mbéal an mhála.
“Breith bhur mbéil féin oraibh, más ea,” ar sé, “an té ag a bhfaighfear é, beidh sé ina dhaor agam; ach rachaidh an chuid eile agaibh saor.”
Rinne sé iad a chuardach, ag dul ón sinsear go dtí an sóisear agus fuarthas an corn i mála Bhiniáimin.