Ansin thug [Iósaef] ordú dá reachtaire: “Líon málaí na bhfear,” ar sé, “de bhia, oiread agus is féidir dóibh a iompar, agus cuir airgead gach duine i mbéal a mhála;
D'ordaigh Iósaef ansin a gcléibh a líonadh d'arbhar agus airgead gach duine a chur ar ais ina mhála agus lón bóthair a thabhairt dóibh. Rinneadh amhlaidh dóibh.
Nuair a chonaic Iósaef Biniáimin faru dúirt sé lena reachtaire: “Beir leat iad seo chun an tí, agus maraigh mart agus cóirigh bia, mar beidh bia acu seo liom um nóin.”