Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 43:7

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagraíodar é: “Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: ‘An maireann bhur n‑athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?’ Sin é an fáth a dtugamar an t‑eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: ‘Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh’?”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.”

D'fhreagraíodar: “Dháréag dearthár, clann an aon fhir amháin i dtír Chanán, is ea sinne, do shearbhóntaí; agus féach tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair, agus tá duine nach maireann.”

Agus chuir sé ceist orthu conas mar a bhí acu, agus dúirt: “An bhfuil bhur n‑athair ar fónamh? - an seanfhear a luaigh sibh? An maireann sé fós?”

“An fear úd,” arsa Iúdá leis, “thug sé rabhadh sollúnta dúinn: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’

“Cad a ba áil libh,” arsa Iosrael, “a bheith do mo chiapadh mar sin agus a rá leis siúd go raibh deartháir eile agaibh?”

Chuir tú ceist, a thiarna, ar do shearbhóntaí: ‘An bhfuil athair nó deartháir agaibh?’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí