Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 43:5

An Bíobla Naofa 1981

Ach mura scaoileann tú leis, ní rachaimidne síos mar dúirt sé siúd: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh, gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo.

Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugamsa, i dtreo go bhfíorófaí bhur scéal agus sibh a dhul slán ón mbás.” Rinneadar amhlaidh.

Ach d'fhreagair sé: “Ní rachaidh mo mhac síos libh, mar tá a dheartháir marbh agus níl ach eisean amháin fágtha. Dá mbainfeadh aon tubaiste dó ar an aistear atá beartaithe agaibh, sheolfadh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.”

“An fear úd,” arsa Iúdá leis, “thug sé rabhadh sollúnta dúinn: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’

Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit.

“Cad a ba áil libh,” arsa Iosrael, “a bheith do mo chiapadh mar sin agus a rá leis siúd go raibh deartháir eile agaibh?”

Ansin dúirt tú le do shearbhóntaí: ‘Mura dtaga an deartháir is óige agaibh anuas in éineacht libh ní fheicfidh sibh mo ghnúis níos mó.’

Agus nuair a dúirt ár n‑athair: ‘Imígí arís agus ceannaigí beagán bia dúinn,’

dúramar: ‘Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.’

Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta ar an talamh a thug an Tiarna do Dhia duit.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí