Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 43:4

An Bíobla Naofa 1981

Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Is clos dom, féach!” ar sé, “go bhfuil arbhar san Éigipt; téigí ansiúd síos agus ceannaigí arbhar ann dúinn ionas go mairfimid agus nach bhfaighimid bás.”

Nuair a bhí an t‑arbhar a thugadar leo ón Éigipt caite acu, dúirt an t‑athair leo: “Imígí ar ais agus ceannaigí beagán bia duinn.”

“An fear úd,” arsa Iúdá leis, “thug sé rabhadh sollúnta dúinn: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’

Ach mura scaoileann tú leis, ní rachaimidne síos mar dúirt sé siúd: ‘Ní ligfear isteach i mo láthair sibh, gan bhur ndeartháir a bheith in bhur dteannta.’ ”

dúramar: ‘Ní féidir dúinn dul síos. Má théann an deartháir is óige againn inár dteannta, ansin rachaimid; mar ní féidir linn radharc a fháil ar ghnúis an fhir úd gan an deartháir is óige a bheith farainn.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí