“Téanam,” ar siad, “agus tógaimis cathair dúinn féin, agus túr agus a bharr ag baint neimhe amach in airde. Tuillimis clú dúinn féin sula scaipfí ar fud chlár na cruinne go léir sinn.”
Ansin dúirt an Tiarna Dia: “Féach! Tá an duine arna dhéanamh cosúil linn féin leis an bhfios maitheasa agus oilc atá aige. Le heagla go sínfeadh sé a lámh chomh maith agus toradh a stoitheadh de chrann na beatha, agus é a ithe agus maireachtáil go deo” -
Ach d'fhreagair sé: “Ní rachaidh mo mhac síos libh, mar tá a dheartháir marbh agus níl ach eisean amháin fágtha. Dá mbainfeadh aon tubaiste dó ar an aistear atá beartaithe agaibh, sheolfadh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.”
Go ndeonaí Dia Uilechumhachtach trócaire daoibh ina láthair siúd i dtreo go seolfaidh sé ar ais bhur ndeartháir eile in éineacht le Biniáimin. Maidir liomsa, más é atá i ndán dom mo chlann a chailliúint, caillfidh mé iad.”
D'fhéach seisean suas ansin agus chonaic a dheartháir Biniáimin, mac a mháthar; “An é seo,” ar sé, “an deartháir is óige agaibh, an té a luaigh sibh liom? Go soirbhí Dia duit, a mhic.”