Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 42:2

An Bíobla Naofa 1981

Is clos dom, féach!” ar sé, “go bhfuil arbhar san Éigipt; téigí ansiúd síos agus ceannaigí arbhar ann dúinn ionas go mairfimid agus nach bhfaighimid bás.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

D'imigh deichniúr de dheartháireacha Iósaef síos chun arbhar a cheannach san Éigipt.

Nuair a bhí an t‑arbhar a thugadar leo ón Éigipt caite acu, dúirt an t‑athair leo: “Imígí ar ais agus ceannaigí beagán bia duinn.”

Má scaoileann tú ár ndeartháir inár dteannta, rachaimid síos agus ceannóimid bia duit.

Dúirt Iúdá lena athair Iosrael: “Scaoil an buachaill liomsa, agus cuirimis chun bóthair agus imímis linn chun nach bhfaighimis bás ach maireachtáil beo - sea sinne agus tusa agus ár muirear go léir chomh maith.

Brostaigí agus téigí abhaile chun m'athar agus abraigí leis: ‘Deir do mhac Iósaef leat: Rinne Dia tiarna díom ar chríocha na hÉigipte go léir; tar chugam anuas agus ná déan aon mhoill:

Ní éagfaidh mé, mairfidh mé; agus inseoidh mé a mhóréachtaí.

Féachann an Tiarna ar an dream lenarb eagal é agus a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá,

chun a n‑anam a shaoradh ón mbas agus iad a bheathú le linn gorta.

Sna laethanta sin, buaileadh Hiziciá tinn agus bhí sé le bás. Tháinig an fáidh Íseáia mac Ámóz chuige agus dúirt leis: “Seo mar a deir an Tiarna: Déan do thiomna le do theaghlach, mar tá an bás agat; níl téarnamh i ndán duit.”

Dúirt sé á fhreagairt: “Tá sé scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine, ach ar an uile fhocal a thagann as béal Dé.’ ”

Nuair a chuala Iacób go raibh arbhar le fáil san Éigipt chuir sé ár n‑aithreacha ann don chéad uair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí