Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 42:19

An Bíobla Naofa 1981

más dream macánta sibh, fanadh deartháir agaibh sa charcair ina bhfuil sibh agus téadh an chuid eile le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas.

Nuair a leath an gorta ar fud na tíre go léir, d'oscail Iósaef na taiscí go léir, agus dhíol an t‑arbhar leis na hÉigiptigh mar go raibh an gorta dian i dtír na Éigipte.

Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.”

Ar an tríú lá dúirt Iósaef leo: “Déanaigí mar seo, agus ní baol daoibh an bás, mar is duine mé ar a bhfuil eagla Dé;

Agus tugaigí an deartháir is óige agaibh chugamsa, i dtreo go bhfíorófaí bhur scéal agus sibh a dhul slán ón mbás.” Rinneadar amhlaidh.

Ansin chuireadar a n‑ualach arbhair ar a gcuid asal agus d'imíodar leo.

Ansin dúirt an té is tiarna ar an tír linn: ‘Ar an gcuma seo a bheidh a fhios agam gur daoine macánta sibh: fágaigí deartháir agaibh anseo liomsa agus imígí libh le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

Agus seo leanas ar chuir sé chun a athar: deich n‑asal agus ualaí d'ollmhaitheasaí na hÉigipte orthu; deich láir agus ualaí orthu d'arbhar agus d'arán agus de bhia agus de lón d'aistear a n‑athar.

Ach is pobal é seo a creachadh agus a scriosadh, tá siad go léir sáinnithe i bprochóga agus faoi bhraighdeanas i bpríosúin. Táthar á gcreachadh agus gan duine lena saoradh, á slad agus gan duine lena rá: “Tabhair ar ais é.”

chun súile na ndall a oscailt, chun na cimí a scaoileadh as an gcarcair agus as an bpríosún an dream atá ina suí sa dorchadas.

Bhí na feidhmeannaigh ar deargbhuile le Irimia, d'ordaigh siad é a bhualadh agus a chur faoi ghlas i dteach Iónátán rúnaí a ndearnadh príosún de.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí