Ach d'fhreagair Iósaef iad: “Tá an scéal mar a dúirt mé; is spiairí sibh.
D'fhreagraíodar: “Dháréag dearthár, clann an aon fhir amháin i dtír Chanán, is ea sinne, do shearbhóntaí; agus féach tá an sóisear fós anois fara ár n‑athair, agus tá duine nach maireann.”
Seo é an promhadh a chaithfidh sibh a shásamh: dar anam Fhorainn, ní fhágfaidh sibh an áit seo mura dtaga an deartháir is óige agaibh anseo.
Cad ab áil leat ag ceilt do ghnúise Agus gan ach meas namhad agat orm?
D'adhain sé a fhearg i m'aghaidh, Agus d'áirigh sé mé mar namhaid dó.