Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 42:11

An Bíobla Naofa 1981

Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

“Ní fíor sin,” ar sé leo, “ach is chun baill laga na tíre a fháil amach a tháinig sibh.”

Seolaigí duine daoibh féin ag triall ar bhur ndeartháir; fanfaidh an chuid eile agaibh i ngéibheann i dtreo go ndéanfaí bhur scéal a phromhadh féachaint an lucht fírinne sibh nó nach ea; agus murab ea, dar anam Fhorainn, is spiairí sibh go cinnte.”

más dream macánta sibh, fanadh deartháir agaibh sa charcair ina bhfuil sibh agus téadh an chuid eile le harbhar chun fóirithint ar ghátar bhur dteaghlach.

Ach dúramar leis: ‘Daoine macánta sinne agus ní spiairí;

D'fhreagraíodar é: “Cheistigh sé siúd sinn go mion inár dtaobh féin agus i dtaobh ár muintire, á rá: ‘An maireann bhur n‑athair? An bhfuil deartháir eile agaibh?’ Sin é an fáth a dtugamar an t‑eolas dó. Conas a bheadh a fhios againn ar aon chor go ndéarfadh sé: ‘Tugaigí bhur ndeartháir anuas libh’?”

An té a labhraíonn uaidh féin, bíonn a ghlóir féin á lorg aige. An té a lorgann glóir an té a chuir uaidh é, tá sé fírinneach agus níl aon éagóir ann.

ach cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí