Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 42:10

An Bíobla Naofa 1981

“Ní hea ar aon chor,” ar siad, “ach is chun bia a cheannach a tháinig do shearbhóntaí.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Go ndéana náisiúin seirbhís duit agus go sléachta ciníocha go talamh duit! Bí i gceannas ar do bhráithre; go sléachta mic do mháthar go talamh duit! Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort; go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!”

Thug Íosác freagra ar Éasau: “Féach! rinne mé tiarna de os do chionn; thug mé a bhráithre uile mar shearbhóntaí dó; thug mé arbhar agus fíon mar chothú dó; cad eile a fhágann sin le déanamh duitse, a mhic?”

Dúirt a dheartháireacha leis: “An amhlaidh atá tú chun a bheith i do rí orainn? Nó an amhlaidh atá tú chun a bheith i do thiarna orainn?” Is mó fós an fuath a thug siad dó de bharr a thaibhreamh agus a chuid cainte.

Clann an aon fhir amháin sinn go léir, agus daoine macánta; ní spiairí do shearbhóntaí.”

Má fhaightear ag aon duine de do shearbhóntaí é, cuirtear chun báis é, agus bímis féin inár ndaoir agat, a mháistir.”

Ar an tslí d'Obaidiá, b'sheo chuige ina choinne Éilias: d'aithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: “Nach tú, a thiarna, Éilias?”

D'aithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: “An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?” “Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,” arsa Dáiví.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí