Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 41:27

An Bíobla Naofa 1981

Na seacht mba truánacha loma a tháinig aníos ina ndiaidh, seacht mbliana iadsan dála na seacht ndiasa arbhair seargtha loiscthe ag an ngaoth anoir; beidh seacht mbliana gorta ann.

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Seacht mbliana na seacht mba breátha, agus seacht mbliana na seacht ndiasa fónta; an taibhreamh céanna ceannann atá i gceist.

Agus seo seacht mba eile gránna loma aníos ón Níl ina ndiaidh; ghabhadar sall agus sheasadar taobh leis na ba eile ar bhruach na Níle.

Ar fhocal Ghád, ghabh Dáiví suas ar ordú an Tiarna.

Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna - tá sé ag teacht ar an tír cheana féin - ar feadh seacht mbliana.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí