Tharla dúinn díreach de réir an mhínithe a thug sé dúinn; cuireadh mise ar ais i mo phost, ach crochadh an fear eile.”
Tamall ina dhiaidh seo chiontaigh cornaire rí na hÉigipte agus a bháicéir in aghaidh a máistir, rí na hÉigipte.
Ansin dúirt Iósaef leis: “Seo an chiall atá leis: Trí lá na trí géaga.
a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”
Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.