Chuir sé iad ar láimh i dteach chaptaen an gharda mar a raibh Iósaef faoi ghlas.
Tugadh Iósaef síos chun na hÉigipte. Cheannaigh Póitífear, feidhmeannach le Forann, agus captaen an gharda, é ó na hIsméiligh a thug síos ann é.
Ghabh máistir Iósaef é agus chuir é sa charcair ina gcoimeádtaí príosúnaigh an rí, agus d'fhan sé ansiúd faoi ghlas.
Chuir an priomhshéiléir na príosúnaigh eile go léir sa charcair faoi chúram Iósaef; bhí sé i bhfeighil gach gnó a bhí ar siúl ann.
Níor bhac an príomhshéiléir le haon rud a bhí faoi chúram Iósaef mar bhí an Tiarna fairis; agus bhí conách an Tiarna ar gach rud a dhéanadh sé.
Chuir captaen an gharda Iósaef ina bhfeighil ag fónamh dóibh, agus chaitheadar tamall i ngéibheann.
Bhí fearg ar Fhorann lena shearbhóntaí agus chuir sé mise agus an príomhbháicéir i ngéibheann i dteach chaptaen an gharda.