Faoi chionn trí lá, scaoilfidh Forann saor thú agus cuirfidh sé ar ais i do phost thú; agus sínfidh tú a chorn chun Fhorainn mar a dhéantá cheana agus tú i do chornaire aige.
Bhí Eabhrach óg inár bhfochair, daor le captaen an gharda. D'insíomar ár dtaibhrimh dó agus mhínigh sé ár dtaibhrimh dúinn, agus d'inis sé do gach duine againn ciall a thaibhrimh féin.
Le linn dóibh bheith ag ithe, thóg Íosa arán, agus ar a bheannú dó, bhris, agus á thabhairt do na deisceabail dó, dúirt: “Tógaigí, ithigí: is é seo mo chorp.”
D'fhreagair a chomrádaí: “Ní foláir nó gurb é sin claíomh Ghideón mac Ióáis, an tIosraelach; tá Midián agus an slua go léir tugtha ina láimh ag Dia dó.”