Agus chonaic mé freisin nach bhfuil i ngach saothar agus i ngach obair cheardúil ach toradh an éada a bhíonn ag an duine lena chomharsa. Baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”
Trí chreideamh d'ofráil Áibil íobairt níos fearr ná íobairt Cháin. Dá bharr sin dearbhaíodh dó go raibh sé ina fhíréan mar thaispeáin Dia go raibh sé sásta lena thabhartais. Agus de thairbhe a chreidimh tá sé ag labhairt linn go fóill cé go bhfuil sé marbh.
Is mairg dóibh! óir d'imigh siad leo ar bhealach Cháin, agus thug siad iad féin suas do sheachrán Bhalám ar son brabúis, agus tá siad millte i gceannairc Chorae.
Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”