Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 4:22

An Bíobla Naofa 1981

Dála Zilleá, rug sí Túbál Cáin. Uaidhsean a shíolraigh gaibhne gach miotail, idir phrás is iarann. Agus ba í Námá deirfiúr Túbál Cáin.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.

Dúirt Láimic lena mhná: “A Ádá agus a Zilleá, éistigí le mo ghlór! A mhná Láimic, tugaigí cluas do mo ráite béil! Mharaigh mé fear de bharr mé a ghonadh agus ógánach de bharr mé a bhualadh.

Cuir chugam adhmad céadair, cufróige, agus algum ón Liobáin, mar tá fhios agam go bhfuil do shearbhóntaí oilte ar leagan crann sa Liobáin. Déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse.

Seo é an síntiús a thógfaidh sibh uathu: ór agus airgead agus cré-umha,

Ach an t‑ór, an t‑airgead, an cré-umha, an t‑iarann, an stán agus an luaidhe -

Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrás agus do neart comhfhad le do ré.

tír ina mbeidh arán gan ghannchúis le hithe agat gan aon ní in easnamh ort ann, tír arb iarann a chlocha agus ar féidir leat copar a bhaint as a shléibhte.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí