Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 4:20

An Bíobla Naofa 1981

Rug Ádá Iábál, an té ónar shíolraigh an lucht cónaithe i mbothanna a bhfuil eallach acu.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhás na buachaillí suas, rinne fiagaí oilte d'Éasau, fear tuaithe. Ba dhuine ciúin é Iacób, áfach agus, d'fhanadh sé sa bhaile sna bothanna.

Phós Láimic beirt bhan; bhí Ádá mar ainm ar bhean acu, agus Zilleá ar an mbean eile.

Agus rug sí an dara mac Áibil, deartháir Cháin. Aoire i bhfeighil caorach a ba ea Áibil, ach ag saothrú na talún a bhíodh Cáin.

Iúbál a ba ainm dá dheartháir, agus is uaidhsean a shíolraigh an dream go léir a sheinneann an chruit agus an phíb.

Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.

Trí chreideamh chuir sé faoi sa tír tairngire faoi mar ba thír choimhthíoch í. Chaith sé a shaol i mbothanna in éineacht le hÍosác agus le Iacób, beirt a bhí páirteach leis sa ghealltanas céanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí