Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m'fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.”
Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr plá na gclocha sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad.
agus loisceadh na daoine le teann teasa, agus mhaslaigh siad ainm Dé a bhfuil cumhacht aige ar na plánna sin, ach ní dhearna siad aithrí agus glóir a thabhairt dó.