Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 38:23

An Bíobla Naofa 1981

“Bíodh aici mar sin,” arsa Iúdá, “chun nach ndéanfaí ceap magaidh dínn; chuireas an meannán seo chuici, ach níor éirigh leat í a fháil.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

D'fhill sé ar Iúdá agus dúirt: “Ní bhfuair mé í; agus dúirt muintir na háite nach raibh aon striapach choisricthe ann.”

Timpeall ráithe ina dhiaidh sin dúradh le Iúdá: “Rinne do bhean mhic, Támár, striapachas; sea agus tá sí trom de bharr a striapachais.” Dúirt Iúdá: “Tugtar amach í agus loisctear í!”

Cad ab áil leat ag maslú bhriathar an Tiarna, agus ag déanamh an ní is gráin leis? Threascair tú Úiríá an Hiteach leis an gclaíomh agus thóg tú a bhean chugat mar chéile agus chuir tú chun báis é le claíomh na nAmónach.

Ní bhíonn dá bharr aige ach buillí agus achasáin, agus tarcaisne nach rachaidh ar ceal.

Agus cad é an toradh a bhíodh agaibh an uair sin ar nithe ar náir libh anois iad? Mar is é an bás a ndeireadh siúd.

Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.

Mar is náireach le lua féin na nithe a dhéanann siad faoi choim.

“Féach! Seo mé ag teacht mar ghadaí. Is méanar don té a dhéanann faire, gan a chuid éadaigh a chaitheamh uaidh, i dtreo nach rachadh sé timpeall lomnocht agus go bhfeicfí a náire.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí