Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 36:6

An Bíobla Naofa 1981

Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d'imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Agus thug sé leis Sáraí a bhean, agus Lót mac a dhearthár, agus a raibh de mhaoin cnuasaithe acu agus a raibh de dhaoir ina seilbh acu i Hárán. D'imíodar leo ar an mbealach go Canán. Nuair a thánadar go Canán

Roghnaigh Lót gleann na hIordáine dó féin; ghluais Lót soir agus scaradar le chéile ar an gcuma sin.

i dtreo nár fhéad an talamh iad araon le chéile a chothú mar bhí an iomad maoine acu chun cónaí le chéile.

Agus tabharfaidh mé duitse agus do do shliocht i do dhiaidh tír do dheoraíochta, tír Chanán go léir, i do sheilbh go brách agus beidh mé féin i mo Dhia acu.”

agus dúirt an Tiarna léi: “Tá dhá náisiún i do bhroinn; Cinfidh dhá chine naimhdeacha uait; Beidh náisiún díobh ina mháistir ar an gceann eile, Agus déanfaidh an sinsear freastal ar an sóisear.”

Go gcuire sé beannacht Abrahám ort féin agus ar do shliocht i do theannta i dtreo go bhfaighidh tú seilbh ar an bhfearann ina bhfuil tú anois, fearann a thug sé d'Abrahám.”

Agus sheol Iacób teachtairí roimhe chun a dhearthár Éasau i dtír Shaeír i gcríocha Eadóm,

Rug Oholabámá Ieúis, agus Ialám agus Corach. Sin iad clann mhac Éasau a rugadh dó i dtír Chanán.

Bhí Iáván, Túbal agus Meisic ag trádáil leat; mhalartaídís daoine agus soithigh phráis ar d'earraí.

ná aon chainéal, ná spíosraí, ná musc, ná miorr, ná túis; ná fíon, ná ola, ná plúr mín, na cruithneacht, ná stoc, ná caoirigh, ná capaill, ná carbaid, ná daoráin - anamacha daoine is é sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí