nuair a shíothlaigh sé. Fuair sé bás agus cruinníodh chun a mhuintire é, agus é anonn sna blianta agus a ré caite. Rinne a bheirt mhac, Iacób agus Éasau, é a adhlacadh.
Seo iad clann mhac Oholabámá bean Éasau: an taoiseach Ieúis, an taoiseach Ialám, an taoiseach Corach. Iadsan na taoisigh a rug Oholabámá, iníon Aná bean Éasau.
Thug Éasau leis a mhná agus a chlann mhac agus iníonacha agus líon a thí go léir, agus a thréada, agus a tháinte go léir agus an mhaoin go léir a bhí cruinnithe aige i dtír Chanán; d'imigh sé i gcéin óna dheartháir Iacób.