Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 34:3

An Bíobla Naofa 1981

Ach líon a anam de shearcghrá do Dhíneá, iníon Iacóib, thit sé i ngrá leis an ógbhean agus labhair léi go cineálta.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Leag Seicim, mac Hamór, an Hiveach, taoiseach na dúiche sin, súil uirthi, d'fuadaigh í agus d'éignigh í, agus choill a clú.

Dúirt sé lena athair Hamór dá bhrí sin: “Faigh an cailín óg seo dom; teastaíonn uaim í a phósadh.”

Ná bíodh eagla oraibh dá bhrí sin; cothóidh mé féin sibhse agus bhur muirear.” Ar an gcuma sin thug sé misneach agus sólás dóibh.

óir tugann tú grá don mhuintir a thugann fuath duit, agus fuath don mhuintir a thugann grá duit. Thaispeain tú inniu gur bheag é do mheas ar cheannairí nó ar shearbhóntaí; mar is léir dom anois dá mbeadh Aibseálóm beo inniu agus sinn uile marbh, go mbeifeá sásta.

Thug briathra Hiziciá misneach do na Léivítigh go léir agus thaispeáin siadsan a oilte a bhí siad i seirbhís an Tiarna, agus ar feadh seacht lá d'ith siad a gcuid den fhéile agus d'ofráil siad íobairtí comaoineach le moladh don Tiarna, Dia a sinsear.

“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”

Scriosfaidh mé a fíniúna agus a crainn fígí, a ndúirt sí fúthu: “Is iad seo an díolaíocht a thug mo leannán dom.” Déanfaidh mise mothar díobh, agus ní bheidh iontu ach bia beithíoch.

Ar an ábhar sin déanfaidh mé féin í a mhealladh, agus a threorú isteach san fhásach, chun labhairt léi go muirneach.

Ansin chuir a fear chun bóthair chun dul ar a tuairisc, labhairt go cneasta léi agus í a thabhairt ar ais; thug sé leis a ghiolla agus dhá asal. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do theach athair a chéile, chonaic athair na hógmhná é, tháinig sé ina choinne le háthas.

Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d'imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.

Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí