Dúirt Seicim le hathair agus le deartháireacha an chailín: “Má thuillim bhur ndea-mhéin, tabharfaidh mé daoibh aon ní a iarrfaidh sibh.
“A thiarna,” ar sé, “más áil leat mé, ná gabh thar do shearbhónta, le do thoil.
D'fhill na teachtairí ar Iacób á rá: “Chuamar go dtí do dheartháir Éasau, agus tá sé ar an mbealach chugat cheana féin agus ceithre chéad fear leis.”
Ansin dúirt Éasau: “Lig dom cuid den mhuintir atá i mo theannta a fhágáil farat.” D'fhreagair seisean: “Cén gá atá leis sin? Níl uaim ach do dhea-mhéin a thuilleamh, a mháistir.”
Fanaigí linn agus beidh an tír faoi bhur réir le cónaí ann, nó le gabháil trid, nó le sealbhú.”
Iarraigí oiread mar spré agus coibhche orm agus is áil libh; tabharfaidh mé daoibh cibé rud a iarrfaidh sibh; ach ligigí dom an cailín óg a phósadh.”