Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 32:4

An Bíobla Naofa 1981

á ordú dóibh: “Seo mar a déarfaidh sibh le mo mháistir Éasau: ‘Seo mar a deir Iacób: D'fhan mé ar deoraíocht go dtí seo le Lábán,

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

“Éist linn, a thiarna,” ar siad leis. “Is tú taoiseach Dé inár measc. Cuir do mharbh i dtogha ár dtuamaí; ní dhiúltóidh aon duine againn a thuama duit ná ní choiscfidh ort do mharbh a adhlacadh.”

Agus dúirt Éasau le Iacób: “Lig dom cuid den bhrachán rua sin a ithe. Táim stiúgtha” - uaidh sin a fuair sé an t‑ainm Eadóm.

Go ndéana náisiúin seirbhís duit agus go sléachta ciníocha go talamh duit! Bí i gceannas ar do bhráithre; go sléachta mic do mháthar go talamh duit! Go raibh mallacht ar gach duine a chuirfidh mallacht ort; go raibh beannacht ar gach duine a chuirfidh beannacht ort!”

Thug Íosác freagra ar Éasau: “Féach! rinne mé tiarna de os do chionn; thug mé a bhráithre uile mar shearbhóntaí dó; thug mé arbhar agus fíon mar chothú dó; cad eile a fhágann sin le déanamh duitse, a mhic?”

Tá fiche bliain caite agam i do theach: rinne mé seirbhís duit ar feadh ceithre bliana déag ar son do bheirt iníon, agus sé bliana ar son do thréada, agus d'athraigh tú mo thuarastal deich n‑uaire.

is é freagra a thabharfaidh tú: ‘Le do shearbhónta Iacób. Is bronntanas iad seo a seoladh chun mo thiarna Éasau. Tá Iacób féin ag teacht inár ndiaidh.’ ”

agus tá seilbh faighte agam ar eallach agus asail agus tréada, agus ar dhaoir agus daoirseacha. Tá scéala á chur agam ina thaobh seo go dtí mo mháistir le súil go bhfaighinn fabhar i do radharc.’ ”

Imíodh mo mháistir ar aghaidh, lena thoil, roimh a shearbhónta, agus leanfaidh mé é go mall réidh, de réir mar a oireann don stoc atá á dtiomáint agam agus do na leanaí, go dtí go dtiocfaidh mé suas le mo mháistir i Saeír.”

Dúirt Éasau: “Cén chiall atá agat leis na sluaite go léir a casadh orm?” “Chun dea-mhéin a thuilleamh i láthair mo mháistir, iadsan,” a fhreagair Iacób.

Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.

Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír.

Má dhéanann tú an mhaith, nach nglacfar leat? Mura ndéana tú an mhaith, nach shin é an peaca ar an tairseach agat agus craos air chugat ach go gcaithfir é a cheansú?”

Chuireadar sacéadach faoina gcoim dá bhrí sin, agus téada ar a gceann agus chuadar amach go rí Iosrael agus dúradar: “Deir do shearbhónta Bein Hadad: ‘Déan anacal anama orm.’ ” “An beo dó fós más ea?” ar sé, “is é mo bhráthair é.”

D'fhreagair Árón: “Ná bíodh d'fhearg, a thiarna, ar dearglasadh. Is eol duit a chlaonta chun an oilc atá an pobal seo.

Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl, ach músclaíonn briathra borba cuthach.

Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne; briseann béal bán cnámh.

Déan mar seo, a mhic, le thú féin a fhuascailt ós rud é go bhfuil tú faoi bhois do chomharsan: téigh go tapa, brostaigh, agus bí ag impí ar do chara.

Má bhladhmann fearg an rialtóra amach i do choinne, ná fág do phost; óir coisceann an cheansacht coireanna móra.

Fáistine i dtaobh Eadóm. Táthar ag glaoch orm as Saeír: “A fhir fhaire, cá fada fós an oíche? A fhir fhaire, cá fada fós an oíche?”

Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin, ardófar é.”

Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal d'Abrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibhse nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.

A Thiarna, nuair a chuir tú chun bóthair ó Shaeír, Nuair a ghabh tú trí chríocha Eadóm, Tháinig crith ar thalamh agus suaitheadh ar neamh, Agus d'imigh scamaill ina mbáisteach.

D'aithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: “An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?” “Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,” arsa Dáiví.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí