Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 32:2

An Bíobla Naofa 1981

agus ar a bhfeiceáil do Iacób dúirt sé: “Seo é campa Dé!” agus thug sé Machanáim mar ainm ar an áit.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Bhí Dáiví tagtha chomh fada le Machanáím, ach ar ghabh Aibseálóm thar Iordáin agus fir Iosrael in éineacht leis.

Ghluais Aibnéar mac Néar agus lucht leanúna Ís Bál amach ó Mhachanáím go Gibeón.

Aibnéar mac Néar, taoiseach airm Shóil, rug sé Ís Bál mac Shóil leis agus thug sé anonn go Machanáím é.

Tá Simeí mac Ghéará, an Biniáimineach ó Bhachúraím, i do theannta chomh maith. Chuir seisean mallacht mhillteach orm an lá a chuir mé chun bealaigh go Machanáím; ach tháinig sé anuas faoi mo dhéin ag an Iordáin agus mhionnaigh mé dó dar an Tiarna á rá: ‘Ní imreoidh mé an claíomh go marfach ort.’

Aichíneádáb mac Ideo i Machanáím.

Ansin rinne Eilíseá urnaí: “A Thiarna,” ar sé, “oscail a shúile agus tabhair radharc dó, impím ort.” D'oscail an Tiarna súile a shearbhónta agus chonaic sé an sliabh, féach, agus é clúdaithe le capaill agus le carbaid tine timpeall ar Eilíseá.

Ba thaca iadsan do Dháiví agus dá shluaite, mar gur churaí calma iad go léir, agus rinneadh oifigigh san arm díobh.

Molaigí an Tiarna, a aingle uile an Tiarna, a lucht fónaimh a dhéanann a thoil.

Molaigí é, a aingle Dé, Molaigí é, a shluaite go léir!

Cé hé an Rí seo na glóire? Is é an Tiarna é, Dia na slua, sin é Rí na gloire.

Nuair a scairt an t‑ainniseoir seo d'éist an Tiarna, agus shaor sé óna chúngaigh go léir é.

Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá:

De threibh Ghád, Rámot i nGileád lena thalamh féaraigh, an chathair thearmainn don mharfóir, Machanaím lena thalamh féaraigh,

D'fhreagair sé: “É seo eile,” ar sé, “is mé captaen arm an Tiarna. Táim ag teacht anois...” Thit Iósua ar a bhéal agus ar a fhiacla chun talún agus d'adhar é agus dúirt leis: “Cad iad orduithe mo Thiarna dá shearbhónta?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí