Thug sé an t‑ordú céanna don dara duine agus don tríú agus do chách a bhí i ndiaidh na dtréad: “Sin é atá le rá agaibh nuair a chasfar Éasau oraibh,” ar sé.
is é freagra a thabharfaidh tú: ‘Le do shearbhónta Iacób. Is bronntanas iad seo a seoladh chun mo thiarna Éasau. Tá Iacób féin ag teacht inár ndiaidh.’ ”
“Agus abraigí: ‘Tá do shearbhónta Iacób féin ag teacht inár ndiaidh chomh maith.’ ” Óir a dúirt sé leis féin: “Déanfaidh mé muintearas leis trí bhronntanas a chur chuige roimh ré; nuair a bhuailfidh mé leis béal ar bhéal, b'fhéidir go nglacfaidh sé liom le fabhar.”