Chuir sé a shearbhóntaí ina bhfeighil, gach tréad leis féin, agus dúirt sé lena shearbhóntaí: “Gabhaigí ar aghaidh romham agus fágaigí slí idir gach tréad agus an ceann ina dhiaidh.”
Thug sé ordú don chéad duine: “Nuair a bhuailfidh mo dheartháir Éasau leat agus go bhfiafróidh sé: ‘Cé leis tú? Cá bhfuil do thriall? Cé leis an táin seo romhat?’
“Agus abraigí: ‘Tá do shearbhónta Iacób féin ag teacht inár ndiaidh chomh maith.’ ” Óir a dúirt sé leis féin: “Déanfaidh mé muintearas leis trí bhronntanas a chur chuige roimh ré; nuair a bhuailfidh mé leis béal ar bhéal, b'fhéidir go nglacfaidh sé liom le fabhar.”
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.