Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 30:9

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a chonaic Léá go raibh deireadh aici féin ag breith clainne, fuair sí Zilpeá a hionailt agus thug do Iacób í mar bhean.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Tar éis cónaí a bheith ar Abrám deich mbliana i dtír Chanán, rug Sáraí léi Hágár a hionailt Éigipteach agus thug d'Abrám í mar bhean.

(Thug Lábán a dhaoirseach Zilpeá mar ionailt dá iníon Léá.)

Ghabh sí gin arís agus rug sí mac á rá: “An uair seo molfaidh mé an Tiarna.” Thug sí Iúdá dá réir sin mar ainm air. Ní raibh a thuilleadh clainne uirthi ansin.

Rug Zilpeá ionailt Léá mac do Iacób.

D'éist Dia le Léá agus ghabh sí gin agus rug sí an cúigiú mac do Iacób.

Thug sí a hionailt Bileá dó mar bhean dá bhrí sin, agus luigh Iacób léi.

Ansin dúirt Ráchael: “Throid mé troid Dé le mo dheirfiúr agus rug mé bua.” Thug sí Naftáilí mar ainm air dá bhrí sin.

(Iadsan clann Zilpeá a thug Lábán dá iníon Léá, rug sí iad do Iacób - seisear déag).




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí