Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 30:4

An Bíobla Naofa 1981

Thug sí a hionailt Bileá dó mar bhean dá bhrí sin, agus luigh Iacób léi.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Dúirt Sáraí le hAbrám: “Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m'ionailte; b'fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.” Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí.

Dúirt sí le hAbrahám: “Tiomáin chun siúil an daoirseach seo agus a mac, óir ní bheidh mac na daoirsí i bpáirt chun na hoidhreachta le mo mhacsa Íosác.”

Bhí leannán leapa aige leis darbh ainm Reúmá, agus rug sí clann: Teabach agus Gacham agus Tachais agus Mácá.

Phós Abrahám an dara bean darbh ainm Catúrá,

ach thug Abrahám tabhartais do chlann a leannán chomh maith agus lena linn féin chuir sé chun siúil iad ona mhac Íosác, soir i dtreo na tíre lastoir.

Thug Lábán a dhaoirseach Bileá mar ionailt dá iníon Ráchael.

Ghabh Bileá gin agus rug sí mac do Iacób.

Chuir sé an bheirt ionailt agus a leanaí ar tosach, agus Léá agus a leanaí ina ndiaidh, agus Ráchael agus Iósaef ar deireadh.

Agus le linn dó a bheith ina chónaí sa dúiche sin luigh Reúbaen le Bileá, leannán a athar, agus ní gan fhios do Iosrael é.

Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef - seachtar ar fad.

“Seo mar a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé d'aimhleas a chothú as do theaghlach féin. Os comhair do chuid súl féin tógfaidh mé do mhná céile agus tabharfaidh mé do do chomharsa iad, agus luífidh sé le do mhná céile faoi aghaidh na gréine seo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí