Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 30:3

An Bíobla Naofa 1981

Agus dúirt sise: “Féach m'ionailt Bileá; luigh léise i dtreo go mbéarfaidh sí clann ar mo ghlúine; tríthise beidh clann agamsa mar an gcéanna.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Léá go raibh deireadh aici féin ag breith clainne, fuair sí Zilpeá a hionailt agus thug do Iacób í mar bhean.

Iadsan clann Bhileá a bhronn Lábán ar a iníon Ráchael; rug sí iadsan do Iósaef - seachtar ar fad.

Chonaic Iósaef an tríú glúin de shliocht Eafráim, agus chonaic sé leis clann Mháicír mac Mhanaise a rugadh in ucht Iósaef.

Cén fáth ar ghlac dhá ghlúin liom, Cén fáth a raibh cíocha ann dom le diúl?

Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí