Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 30:2

An Bíobla Naofa 1981

Las Iacób le fearg in aghaidh Ráchael agus dúirt sé: “An bhfuilimse in áit Dé? Eisean a dhiúltaigh toradh ar do bhroinn.”

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Dúirt Sáraí le hAbrám: “Féach, níor lig Dia dom clann a iompar. Gabh isteach dá bhrí sin chun m'ionailte; b'fhéidir go bhfaighinn clann tríthi.” Thug Abrám cluas do ghlór Sháraí.

Óir is amhlaidh a dhún an Tiarna an uile bhroinn i dteach Aibímeilic de bharr Shárá bean Abrahám.

Agus ghuigh Íosác chun an Tiarna ar son a mhná mar go raibh sí aimrid; agus d'éist an Tiarna lena ghuí agus ghabh sí toircheas.

Chonaic an Tiarna go raibh faillí á déanamh ar Léá, agus d'oscail sé a broinn, ach d'fhan Ráchael aimrid.

Tháinig fearg ar Iacób ansin agus thug sé scalladh teanga do Lábán: dúirt Iacób le Lábán: “Cén choir nó cén peaca a rinne mé go bhfuil tú sa tóir orm chomh dian sin?

Ach d'fhreagair Iósaef: “Ná bíodh eagla oraibh! An amhlaidh atáimse in áit Dé?

Nuair a léigh rí Iosrael an litir, stróic sé a chuid éadaigh agus dúirt: “An dia mise, údar báis agus beatha, agus a rá gur iarr an fear seo orm duine a leigheas óna lobhra? Éist leis seo agus tabhair é faoi deara agus feicfidh tú gur ag iarraidh achrann a adhaint liom atá sé.”

Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh; go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.

Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.

Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhíonn i bhfeirg lena bhráthair, beidh air freagairt ann don bhreithiúnas, agus má deir aon duine lena bhráthair ‘Ceann baoth’, beidh air freagairt ann don tsainidrín; agus má deir sé ‘Amadán’ leis, beidh air freagairt ann i dtine ifrinn.

Agus ar dhearcadh timpeall le fearg orthu uile, agus brón air mar gheall ar dhúire a gcroí, dúirt sé leis an duine: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.

agus d'éigh sí de ghlór ard agus dúirt: “Is beannaithe tú idir mná, agus is beannaithe toradh do bhroinne.

Más ea féin go dtagann fearg oraibh, ná déanaigí an peaca dá bharr,

Bíodh gurbh ionúin leis Hanná, ní thugadh sé ach scair amháin di, toisc gur dhruid an Tiarna a broinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí