Rug Zilpeá ionailt Léá an dara mac do Iacób.
Ansin dúirt Léá: “Cad é mar chonách!” Uime sin thug sí Gád mar ainm air.
Ansin dúirt Léá: “Cad é mar aoibhneas dom! Déarfaidh na mná gurb aoibhinn dom.” Thug sí Áiséar air dá réir sin.
Ar aon teorainn le Dán, anoir siar, roinn amháin do Áiséar.
Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.