Ach ghlaoigh an Tiarna Dia ar an bhfear: “Cá bhfuil tú?” ar sé leis.
Ansin tháinig an Tiarna anuas go bhfeicfeadh sé an chathair agus an túr a thóg na daoine daonna.
“A Hágár, a ionailt Sháraí,” ar sé, “cá has ar tháinig tú agus cá bhfuil do thriall?” “Táim ag teitheadh ó mo mháistreás Sáraí,” ar sí.
Agus chuireadar ceist air: “Cá bhfuil do bhean Sárá?” “Tá sí sa bhoth,” ar sé.
Ansin dúirt an Tiarna le Cáin: “Cá bhfuil Áibil do dheartháir?” “Níl a fhios agam,” ar sé. “An mise coimeádaí mo dhearthár?”
D'imigh sé féin isteach agus sheas os comhair a mháistir, agus dúirt Eilíseá: “Cá raibh tú, a Ghéichizí?” D'fhreagair seisean: “Ní raibh do shearbhónta in aon bhall.”