Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Geineasas 3:6

An Bíobla Naofa 1981

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

“An bhean a thug tú dom mar chéile,” arsa an fear, “ise a thug toradh as an gcrann dom, agus d'ith mé é.”

Dúirt sé leis an bhfear: “De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna, agus gur ith tú de thoradh an chrainn ar aithin mé duit gan a ithe: Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn. Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de, gach lá de do shaol.

agus tar éis tamaill leag bean a mháistir súil na dúile ar Iósaef agus dúirt leis: “Luigh liom.”

chonaic mic Dé gur sciamhach iad iníonacha na ndaoine agus thógadar chucu a rogha díobh mar mhná.

Ardtráthnóna agus Dáiví ag spaisteoireacht ar dhíon an pháláis tar éis éirí óna leaba dó, tharla go bhfaca sé ón díon bean a bhí á folcadh féin. Bhí an bhean an-dathúil.

Chuaigh an giolla Dé ar ais leis agus chaith sé bia agus deoch ina theach.

Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.

“A mhic an duine, bainfidh mé mian do shúl uait ar an toirt; ach ná bac a bheith ag mairgneach ná ag caoineadh ná ag sileadh deor.

‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.

“Agus, a mhic an duine, an lá a mbainfidh mé a mic agus a n‑iníonacha díobh, gurb iad a neart, a ngairdeas agus a nglóir iad, mian a súl agus dúil a n‑anama;

Briseann siadsan an conradh ag Adám; san áit sin feallann siad orm.

Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.

Agus níorbh é Ádhamh a mealladh; ba í an bhean a mealladh agus a thit i bpeaca.

Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t‑airgead in íochtar.”

Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.

Bhí sí ag sileadh na ndeor os a chomhair ar feadh na seacht lá a mhair a bhféile, agus ar an seachtú lá d'inis sé an freagra di mar gur lean sí uirthi chomh dian sin. Ansin d'inis sise freagra an tomhais dá muintir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí