Ansin dúirt an Tiarna Dia: “Féach! Tá an duine arna dhéanamh cosúil linn féin leis an bhfios maitheasa agus oilc atá aige. Le heagla go sínfeadh sé a lámh chomh maith agus toradh a stoitheadh de chrann na beatha, agus é a ithe agus maireachtáil go deo” -
“Gáirim le gairdeas sa Tiarna, tá lúcháir ar m'anam i mo Dhia. Óir chuir sé an slánú umam ina éadach, rinne sé mé a chuachadh i mbrat na fíréantachta, ar nós buachaill óg ag cur bláthfhleasc air chun a phósta nó brídeach á maisiú féin lena seoda.